Lyrics
Ó, tagaigí uile is adhraigí
An leanbh cneasta sa chró 'na luí
Is cuimhnígí ar ghrá an Rí
A thug dár saoradh anocht an Naí.
'S a Mhuire Mháthair i bParthas Dé,
Ar chlann bhocht Éabha guigh anois go séimh,
Is doras an chró ná dún go deo
Go n-adhraim feasta Mac Rí na hÓighe.
I mBeithil thoir i lár na hoíche
Ar chlos an dea-scéala d'aoirí,
Go follas don saol ón spéir go binn
Bhí aingle 'canadh ó rinn go rinn.
"GhluaisigÍ go beo," dúirt Aingeal Dé,
"Go Beithil sall is gheobhaidh sibh É
'Ina luí go séimh i mainséar tuí,
Sin é an Prionsa, Mac Óg an Rí.